I mbrat an bhrollaigh ghil-se I mbrat an bhrollaigh ghil-se ní bhiadh an dealg droighin-se dá mbeith, a Mhór bhéildearg bhinn, an éindealg d'ór i nÉirinn. San mbrat-sa níor chóir do chur acht dealg d'fhionndruine uasal, nó dealg iongantach d'ór cheard, a Mhór bhionnfhoclach bhéildearg. A fholt lag ar lí an ómra, a chur id bhrat bhreacórdha a stuaigh chobhsaidh nár chealg fear,* nior chosmhail dealg don droighean. Níor churtha a chnú mo chroidhe, id bhrat eangach iolbhuidhe, a ghruaidh dhearg do-ghéabhadh geall, acht dealg do-ghéanadh Gaibhneann.** A ghruadh chorcra do char mé, gan dealg óir acht an uair-se ar feadh na huaire, a ghlac ghlan, do bhrat uaine do b'annamh.